Bhí
Kobi Israel ar cheann de mhór-scéalta aeracha na bliana 2003. Grianghrafadóir,
le hobair a chuireann síos ar thaithí aerach, ach le háilleacht
a tharchéimníonn na teorainneacha. Pléann Jamie Harkin iarmhairt
na sár-bhliana a bhí aige agus a shraith nua ‘Intimate Strangers’
a nochtann sé do Attitude amháin.
Agus é ina sheasamh ar
bharrurlár an Ghailearaí Portráide Náisiúnta, stánann Kobi Israel síos go machnamhach ar chathair Londain, áit atá cónaí ar an náisiúnach
Iosraelaigh le bliain anuas. Cheithre urlár
thíos faoi tá ceann dá chuid grianghraif, ‘1700’, ar crochadh. Pictiúr d’fhear óg atá ina sheasamh taobh
thiar den chuntar ag stannín torthaí i dTel Aviv agus an chuma chéanna air is
atá ar Kobi féin anois. Tá sé ar cheann de na híomhánna is cáiliúla le Kobi
agus freisin ar cheann de 60 portráid a roghnaíodh as 3000 iarratas a cuireadh
isteach do Dhuais Portráide Schweppes, an duais is mó le rá dá leithéid sa
Ríocht Aontaithe.
Níl sin ró-dhona ar chor ar bith do
ghrianghrafadóir a d’fhoilsigh a chéad leabhar aonair ‘Views’ tuairim is 6 mhí
ó shin nár chóir a bheith feicthe ach ag an lucht léitheoireachta aeraigh ar a
bhí sé dírithe go gearrbhreathnaitheach. Tá cáil ar an bhfoilsitheoir Bruno
Gmünder as an gcineál ‘foilseachán anghrách’ a dhéanann a bhealach ón mbord
caife go dtí íochtar an leaba. Ní dhearnadh aon tagairt dó sna nuachtáin ach i
gcúpla colún gan tábhacht do aeraigh. Foilsíodh a agallamh le ‘Time Out’ san
alt ‘aerach agus leisbeach’ agus ní ar leathanach na
n-ealaíon mar shampla, agus léiríodh a chéad thaispeántas i mbeár aerach i
Londain darb ainm The Box. Má thógtar saol Khobi go dtí seo mar threoir, ba
cheart go mbeadh a ghrianghraif le feiceáil anois ar fhógraí éagsúla do
chlubanna faoi leith agus i leabhair gan iomrá d’fhir
lomnochtacha nach mbeadh ar díol lasmuigh de Shráid Old Crompton i Londain.
In ionad sin tá Kobi Israel ar an gcéad grianghrafadóir a tháinig chun
solais sa phobal aerach agus a bhí ábalta cáil a bhaint amach dó féin i
gciorcail lasmuigh de. Agus tá an dúil seo ina chuid oibre a thrasnaíonn an
bearna go dtí an gnáthphobal bunaithe den chuid is mó ar an tslí ina bpléann sé
na téamaí aeracha traidisiúnta – corp fhir lomnocht, an saighdiúr, cúpla aerach
sa bhaile le chéile, an cúpla céanna i mbarróg – a thaispeánann saoirse
spioraid nach bhfeictear i saothair a chomhaimsirí. Tá na
fir lomnocht ceart go leor, ach is í an bhrí atá leis ná dlúthchaidreamh idir
choirp leannáin agus ní amháin faoina mbod. Léirítear an
t-aeistéiticeachas céanna ina shraith is cáiliúlaí – grianghraif de
shaighdiúirí Iosraelacha. Tá an clú is mó bainte amach
ag íomhá d’aonad fear, gan orthu ach fobhrístíní, ag ligint a scíth taobh le
jíp airm chun teas uafásach an fhásaigh a sheachaint. In áit an ghnáththreo a
leanacht, úsáideann Kobi an radharc seo chun na
scoilteanna i gcultúr fearga an Iosrael a nochtadh áit a dtugtar an
chineáltacht faoi deara.
Agus in áit scíth a ligean leis a cháil
nua, lean sé ar aghaidh leis an gcineál seo oibre agus
d’fhoilsigh sé a shaothar ba iontaí fós ‘Intimate Strangers’.
Céard atá tú ag
déanamh leat féin ó d’fhoilsigh tú Views?
Bím ag cur tús le rudaí nua an t-am ar
fad. Treoraíonn mo chuid smaointe mé, agus tosnaím ar thionscnaimh nua. Rud atá
an-thábhachtach dom a léiriú ná nach bhfuil sna tionscnaimh aeracha ach treo
amháin de mo shaothar. Ní shin an
t-aon rud a dhéanaim. Má tá léargas iomlán uait ar an
saghas obair atá ar bun agam caith súil ar mo shuíomh gréasáin
(www.kobi-israel.com). Feictear an bealach nua ina
bhfuilim ag cur mo shaothar oibre aerach i bhfeidhm i mo leabhar ‘Intimate
Strangers’ a thosaigh mé le gairid. Cé is moite d’fhear amháin sa Bhrasaíl, tá an chuid is mó de suite i gcathair Londain.
Cuireadh tús le ‘Intimate Strangers’ tar éis dom briseadh ó mo bhuachaill is
déanaí. Chuaigh mé go Londain agus thosaigh mé ar an
tsraith seo. Gadi is ainm dó agus tá sé le feiceáil i roinnt de na
grianghraif. Tá an leabhar seo an-dhifriúil ón leabhar deiridh a rinne mé. Ach
ansin tá obair eile a rinne mé nach bhfaightear na téamaí seo ann ar chor
ar bith: pictiúir taistil, longa sa Ghréig, ailtireacht i Toronto, tránna do
aeraigh, aerfoirt, íomhánna de Las Vegas a tógadh ón aer… Tá na grianghraif seo
difriúil óna cinn aeracha don ar bhain mé mo chlú agus mo cháil amach ach
feictear na mothúcháin céanna iontu, mothúcháin inmheánacha, fochomhfhiosacha.
Agus céard iad
sin?
Nílim ag iarraidh
dul isteach ann anois mar go gcuirfidh mé mé féin trí na chéile. Labhróidh na grianghraif dóibh féin. Déanaim sin a bhfuil spéis agam
féin ann agus a bhfuil paisean agam dó. Cibé radharc
tíre, daoine, mothúcháin… léirítear ann gach rud a
bhfuil timpeall orm i mo shaol laethúil.
An gcuireann sé isteach ort gur bhain tú cáil amach as do phictiúir
d’fhir, nuair atá sé soiléir go dtógann tú pictiúir de réimse leathan ábhair?
Sé an rud is
tábhachtaí domsa ná go dtabharfaidh daoine an réimse leathan seo faoi deara mar
aon le mo ilphearsantacht… Is cuma liom gur bhain mé cáil amach as na pictiúir
sin ar dtús mar gurb é sa tslí sin a n-aithneofar mo shaothar oibre, ach tá
súil agam go mbainfidh na hábhair eile cáil amach freisin. Is dóigh go
dtógfaidh seo níos mó ama ach ag deireadh thiar thall
go n-aithneofar gach gné de mo shaothar, ní amháin an ghné aerach.
Tá na gailearaithe
ag tosnú ar shuim a chur i do shaothar oibre, nach bhfuil?
Roghnaíodh mé don Duais Portráide
Schweppes i 2003, agus tá mo íomhá ‘1700’ le feiceáil anois sa
Ghailearaí Náisiúnta. Roimhe seo, roghnaíodh an íomhá chéanna do chomórtas
oscailte an Chumainn Grianghrafadóireachta anseo in
Oirthear Londain agus bhain sí an bua amach. Tá sí á foilsiú anois in alán
áiteanna agus is ceann é de na pictiúir a d’fhoilsigh
an pobal aerach chomh maith. Rinne ‘Views’ an bearna
céanna a thrasnú freisin. Bhí an leabhar ar díol sa
Photographer’s Gallery agus i siopa Zwemmer Media ar Bhóthar
Charing Cross.
Sin an rud
is simiúil faoi do shaothar. Is pictiúir homanghrácha d’fhir iad ach i mbealach
éigin eile ní grianghrafadóireacht ‘aerach’ atá ann i
ndáiríre. Is féidir leis an bearna sin a thrasnú. Tá
an oiread sin grianghraif aeracha ann atá teoranta don
phobal aerach amháin ach ní do chinnsa.
Go díreach mar nach bhfuil siad
gnéasach, ach anghrách. Nílim ag díriú ar an bpobal aerach amháin. Séard atáim
ag lorg ná go gcaithfeadh an gnáthphobal heitrighnéasach le mo ghrianghraif mar
a chaitheadh duine aerach le 'gnáthgrianghraif’ mar a thugtar orthu. Mar
shampla, sa dóigh a bhaineann an pobal aerach taithneamh as íomhá d’fhear nó de
bhean, ba chóir go mbreathnódh an gnáthphobal ar chaidrimh aeracha sa chaoi
chéanna. Tá go leor de mo shaothar atá ag trasnú an bearna sin: mar shampla tá
úsáid á bhaint as '1700’ ar leathanach baile shuímh gréasáin na hambasáide
Iosraelaí. Agus ní amháin na meáin aeracha, tá an gnáthphobal giúdach ag cur
agallaimh orm chomh maith. Tá ag éirí le mo shaothar ealíne faoi dheireadh agus
táim an-shásta faoi sin.
Tá sin ceangailte le do shaothar oibre. Mar a dúirt mé, tá grianghrafadóirí ann a dhéanann grianghrafadóireacht aerach agus sin deireadh
an scéil. Tá níos mó ar siúl agatsa áfach, ná a bheith ag
stánadh ar fhir ghnéasacha.
Fós tá sé aerach gan dabht ar bith. Ach
ní hí sin an chúis is tábhachtaí domsa. I mo leabhar mar shampla, tá tábhacht
níos mó ag na mothúcháin idir na saighdiúirí, idir daoine. Má chuirtear na
ceisteanna uile a iarrtar i mo shaothar oibre le chéile agus díriú isteach ar
cheann amháin, gheobhaidh tú téama mo thionscnaimh nua 'Intimate Strangers’. Sa
leabhar sin táim ag scrúdú cad is brí le dlúthchaidreamh domsa. Cibé duine a
bhí baint agam leis ar feadh trí bliana, nó grianghraf de mhainicín, nó duine a
chuaigh tharam ar an tsráid – is féidir le soicind amháin de chaidreamh súl a
bheith níos láidre ná oíche a chaitheamh le duine sa leaba. Sin an bhrí atá ag
dlúthchaidreamh domsa. I mo chás-sa tárlaíonn sé idir dhá fhear, ach is féidir
leis a bheith idir buachaill agus cailín, dhá chailín, dhá anam.
Cé is moite de do iar-bhuachaill
cé hiad na daoine eile a léirítear in ‘Intimate Strangers’? Cé hé an lead óg Brasaíleach sin mar shampla?
Sin an t-aon
ghrianghraf nár tógadh i Londain. Thóg mé an ceann sin
agus mé ar thuras go dtí an Bhrasaíl. Níl sé aerach aisteach go leor agus níor tharla aon rud eadrainn. Níor thrasnaigh mé an bearna sin leis an gcuid is mó de na mainicíní sa
leabhar. Bhí cuid acu nach raibh aerach fiú amháin, cuid eile a bhí
an-thábhachtach i mo shaol; mo bhuachaill, daoine lenar chodail mé leo agus daoine eile.
Cé hé an buachaill sa fholcadh mar sin?
Julian, buachaill
Francach a bhuail mé leis i mbeár. Is buachaill
álainn é. Tá dúil mhór agam ina mhiongháire. Chonaic
sé mo shuíomh gréasáin, bhuail muid le chéile i gcaife agus taobh istigh de dhá
uaire bhí mé ag tógáil pictiúir dó a bhí an-thréan ar
fad. Bhí cineál muinín aige asam, agus d’éirigh linn dlúthchairdeas iontach a
chruthú, an fáth go bhfuil an oiread sin dúil agam sna
portráidí sin. Ba ceangal an-láidir a bhí ann, a
léirítear sna pictiúir.
Agus sin uilig lastigh de dhá uair a
chloig?
Ba é sin an chéad
uair a bhuaileamar le chéile agus bhí an ceangal chomh láidir sin go raibh fonn
orm dul díreach ar ais chuig m’árasán. Ní raibh mé cinnte céard a bhí mé ag iarraidh a dhéanamh go díreach ach bhí uaim na mothúcháin
a bhí ann ag an bpointe sin a fháil ar cheamara.
Agus tá an
dlúthchairdeas sin le feiceáil sna grianghraif cáiliúla de shaighdiúirí
Iosraelacha. Ní thuigeann alán daoine go mbíonn dlúthchairdeas ar leith idir shaighdiúirí Iosraelacha.
Tá sé chomh láidir,
chomh dochreidte. Sin é an fáth go bhfuil sé chomh deacair má tá tú aerach, mar nach
bhfuil a fhios agat cá luíonn an bearna caol sin idir homasóisialta agus
homanghrách. San arm Iosraelach tá an ceangal sin níos
láidre fiú amháin ná mar a bhíonn idir buachaill agus a chailín. Níl a fhios
agam an eol duit an focal sin ‘achva’. Is sórt grúpa
dearthár é a chiallaíonn go ndéanfaidh tú gach rud a chaithfear a dhéanamh do do chomhshaighdiúirí. Cuirtear é chun
cinn go gníomhach in arm an Iosrael chun é a dhéanamh níos éifeachtaí. Ach má
tá tú aerach agus 18 bliain d’aois is féidir leis tú a chéasadh.
An raibh a fhios acu san arm go raibh tú aerach?
Ní raibh. Bhí an-eagla orm faoi. Ní cinneadh éasca a
bheith aerach san arm mar go bhfuil sé chomh fearga sin.
Ceapaim gur sin an fáth go bhfuil na
híomhánna sin chomh cumhachtach, mar go bhfuil cáil ar arm an Iosrael as a
bheith an-fhearga ach fós thóg tú an oiread sin dlúthchairdeas idir na
saighdiúirí. B’fhéidir gur sin an fáth go bhfuil sé
chomh gnéasach?
Sé an rud is
tábhachtaí ná go gcaithfidh tú tú féin a iompar mar shaighdiúr chun do
dhualgais a chomhlíonadh. Ní raibh uaim a bheith i mo shaighdiúr agus ní
thaithníonn sé liom airm a iompar, ach ní hé mo rogha féin a bhí ann. Is féidir le samhail a bheith ag
alán daoine agus muid a mholadh go galánta mar shaighdiúirí. Sí an fhírinne
ghlan ná nuair a chaitheann tú díot do chulaith nach bhfuil tú ach a hocht
mbliana déag agus an-eagla ort. Níl aon smacht agat ar do
shaol féin. Mar shaighdiúirí is daoine muid agus is cairde muid. Is taithí
an-láidir í go hinmheánach, agus tar éis 6 mhí a chaitheamh le chéile is cáirde
muid go deo. Ach le fir aeracha bíonn tú i gcónaí ag
lorg níos mó (gáire).
An bhfuil sin indéanta san arm?
Ní dhearna mise é mar gur chloí mé leis na rialacha.
D’iompar mé mé féin mar cheann de na fir. Bhí mo ghluaisrothar agus mo ghunna
agam. San arm agus ina dhiadh sin – bhí mé i mo fhreastalaí ar eitleán – ní
raibh fios ag aon duine go raibh mé aerach. Cé go raibh
caidreamh agam le buachaill eile ar feadh ocht mbliana ní dheachaigh mé amach
sna gnátháiteanna aeracha. Nuair a scar mé ó mo bhuachaill thosaigh mé ag tógáil grianghraif d’fhir óga. Is ó am mo ‘féin-nochtadh’
na grianghraif seo uilig agus is cuid thábhachtach de
mo phearsantacht agus de mo stíl bheatha iad.
Ní raibh na
saighdiúirí sin i d’aonad mar sin?
Ní raibh. Ní clár faisnéise é. D’athchruthaigh mé na
heachtraí i suímh áirithe ag baint úsáid as mo cháirde agus as a gcáirde siúd.
Níl aon cheann de na grianghraif sin tógtha de eachtra
dáiríre ach go ndearna mé na mothúcháin a athchrúthú. Stiúraigh mé cuid acu mar
a bheadh ar láithreán stáitse agus cuid eile nár stiúradh.
Tá arm an Iosrael ina
chnámh spairne faoi láthair. Caithfidh gur chorraigh leabhar a thaispeánann áilleacht
na saighiúirí beagán cainte.
Nílim ag iarraidh
an cogadh a chur in airde, ná rud éigin faoi shaighdiúiri nó faoi arm an
Iosrael a rá, ach a mhalairt. Táim ag plé le
mothúcháin idir daoine, atá ina saighdiúirí mar gur sin páirt de mo shaol. Rinne Peter Tatchell comparáid san iris Boyz idir shaighdiúirí an
Iosrael agus Nazithe. Chonaic mé é seachtain ina
dhiadh sin ag ‘Pride in the Park’. Chuaigh mé suas chuige agus chuir mé mé féin
in aithne dó agus rinne mé comhghairdeas leis as an obair pholaitiúil atá
déanta aige. Ní dúirt mé tada faoi sin a bhí ráite aige. D’fhéach mé
isteach sa tsúil é chun go bhfeicfeadh sé nach raibh mé cosúil le Nazi. Níor
cheapas gur chóir dom aon rud a rá. Faighim an oiread sin post ó
dhaoine Arabacha, faighim glaonna gutháin ón Liobáin, ó Mharacó, ón Ailgéir, ón
Araib Shádach. Tá lead amháin a d’aistrigh an téacs uilig i mo leabhar go hAraibis. Amharcann na daoine sin ar an duine lastigh den chulaith.
Caith súil ar thuilleadh oibre de chuid Kobi ag www.kobi-israel.com