IS TURAS É AN LEABHAR
SEO go saol inmheánach mo chuid smaointe, coimhlintí agus
mothúcháin sáinnithe. Sna píosaí grianghrafadóireachta a
chuirim i láthair anseo, déanaim iarracht blúirí de mo shaol
agus de mo shícé phearsanta mar Iosraelach óg a athchrúthú
agus a athchumadh ó bheith ag fás suas i sochaí “fearga”,
áit a raibh mothúchain idir fhir go minic mar a bheadh idir
“deartháireacha”, fisiciúil agus cineálta ach nach minic
a dtrasnaítear an teorainn chontúirteach sin idir barróg
cháirdiúil agus barróg lán le grá agus dúil.
Tá an aincheist seo le feiceáil go tréan sa saol míleata
ach go háirithe, áit atá an tseanfhocal Eabhraís “Ani Ohev
Otcha Achi“ (Táim mór leat a dheartháir) in úsáid mar ghnáthbheannacht.
Bíonn ar gach Iosraelach óg dul sna saighdiúirí ar feadh
tréimhse trí bliana ag a 18 bliain d’aois. Ón gcéad lá san
arm cuirtear do phearsantacht déagóra faoi chois ag na ceannfoirt,
agus bíonn ort páirt a ghlacadh i gcomhbheatha ina bhfaightear
alán mothúcháin láidre bréagnaitheacha: eagla, lúchair,
dóchas, anró intinne agus fisiciúil, braighdeanas agus saoirse
(ón mbaile agus ó do thuismitheoirí), uafás agus áilleacht,
brón agus áthas … dianchorraí hormónach. Athraíonn tú thar
oíche ó pháiste go fear – fear ag a bhfuil an ceart (agus
an dualgas uaireanta) cion nó gráin a bheith aige ar dhuine,
fanacht beo nó bás a fháil, luí le duine nó é a mharú…
Is féidir leis an mbearna caol idir homasóisialta agus
homanghrách sa saol míleata dul amú agus céasadh croí a
chur ar shaighdiúr homaighnéasach. Tugann na saighdiúirí
barróga agus póga dá chéile ag rá “Táim mór leat a dheartháir”,
codhlaíonn siad le chéile – scaití sínte siar ar ucht a
chéile, uaireanta ag roinnt leaba beag bídeach, uaireanta
eile agus iad istigh faoin gcithfholcadh ag imirt “cluichí
na mbuachaillí óga” mar uisce agus galúnach a chaitheamh
lena chéile, cithfholcadh te a roinnt lena chéile agus uaireanta
fiú ag glacaireacht i dteannta a chéile.
Chuaigh mise leis na saighdiúirí i 1988 agus mé 18 bliain
d’aois. I sraith grianghraf sa leabhar seo rinne mé iarracht
an t-uaigneas a mhothaigh mé a athchrúthú, mo thointeáil
idir mhothúcháin mheasctha, idir grá “do dheartháir” agus
dúil ghnéasach agam i mo chomhleacaithe, idir eagla meascaithe
le háilleacht agus le samhlaíocht.
Bíonn cuma fhearúil, dhána agus dhathúil ar shaighdiúirí.
Cosúil leis na siaghdiúirí i mo chuid grianghraif. Ach má
fhéachann tú isteach sna súile … nochtann siad na fíormhothúcháin.
Is féidir le corp álainn, fearúil agus óg, atá ar tí pléascadh
le collaíocht, duine a chur amú go héasca – ach insítear
an fhírinne sna súile – tá fíoruaigneas, paisean cheilte
neamhcheadaithe, eagla agus trí na chéile iontu. An bhfeiceann sibh é?
Threoraigh súile shaighdúra uaigneach eile den champa
i dtreo na saoirse mé, agus fuarthas amach nach raibh mé
i m’aonar.
Tar éis an eachtra san arm agus an “féin-nochtadh”, lean
an eagla agus an mearbhall fós ar aghaidh: eagla ón gcéad
theagmháil le fear eile (ag tabhairt freagra ar fhógra sa
pháipéar); eagla go dtiocfadh oíche fhada paisean chun críche;
an choimhlint idir caidreamh a bheith agat le duine agus
a bheith ag maireachtáil mar chúpla; ag mothú “folamh” agus
muid ag dúiseacht taobh le chéile tar éis oíche de mhórphaisean;
an samhlú faoi buaileadh go fánach le fear ar an dtrá; an
cuardach don fhírinne cheilte; an sobhristeacht lastiar
den láidreacht; tráthúileacht na háilleachta; brón na háilleachta,
agus an eagla síoraí atá ceilte ag an áilleacht sin – seo
iad na coimhlintí inmheánacha a rinne mé iarracht a athchrúthú
i sraith grianghraif. I gcásanna áirithe d’fhill mé díreach
ar an áit inar tharla an eachtra sin dom agus thóg mé na
grianghraif ann.
Stiúraigh mé cuid de na grianghraif sa leabhar seo mar
a bheadh ar láithreán stáitse agus is grianghraif den saol
mar atá i ndáiríre cuid eile dóibh. Baineann na cinn atá
“stiúrtha mar a bheadh ar stáitse” le tréimhse níos luaithe
de mo shaol, nuair nach raibh cion idir fhir ach ina shamhail,
ina bhrionglóid, “idéal”. Ba é an toradh ar seo ná grianghraif
“brionglóideacha”, cosúil leis na cinn ina bhfuil trí fhear
óg ar an trá. Níos déanaí nochtaigh mé an “fíorshaol” i
mo shaol féin agus mar thoradh ar seo d’athraigh mé go grianghrafadóireacht
“den saol mar atá i ndáiríre” – ag cuardach an “diagacht”
sna heachtraí laethúla sin (cosúil leis an eachtra sa chithfholcadh),
an “diagacht” atá ceilte ionainn go léir agus in iad siúd
atá timpeall orainn. Seo í an treoir nua atá ag mo shaol.
Ta súil agam go mbainfidh sibh taithneamh as an turas
seo agus go n’aithneoidh sibh sibh féin i gceann de na grianghraif
seo. Cuirigí scéal chugam má tharlaíonn sin.
Foilseacháin Roghnaithe (Liosta iomlán):